- LocationDublin
- Job type Indefinite Full Time
- DisciplinePublishing
- Expiry 31 August 2025
- Reference002982
Curadh Meán Sóisialta & Iriseoir Digiteach / Social Media Champion & Digital Journalist
Job description
Curadh meán sóisialta & iriseoir digiteach /Social media champion and digital journalist
Seachtain: Curadh meán sóisialta & iriseoir digiteach
Ag tuairisciú do: Eagarthóir Seachtain
Láthair: Oifig (Baile Átha Cliath nó Béal Feirste) agus cianobair.
**Tabhair faoi deara go bhfuil folúntas amháin againn ar féidir é a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste. Inis dúinn cé acu ceann is fearr leat.
Tá Seachtain, foilseachán Gaeilge Mediahuis a ghabhann leis an Irish Independent, ag iarraidh curadh meán sóisialta & iriseoir digiteach a cheapadh le forbairt a dhéanamh ar ár n-ábhar digiteach agus chun sinn a chur chun cinn ar na hardáin shóisialta ar fad.
Spreagfaidh an curadh meán sóisialta & iriseoir digiteach forbairt an eagráin dhigitigh ar leith ina mbeidh scéalta nuachta, spóirt agus siamsaíochta do phobal na Gaeilge.
Beidh sé d’aidhm leis sin an tairiscint a dhéanamh chomh mealltach agus is féidir, agus an branda a scaipeadh a oiread agus is féidir, fad is a fhorbraítear a láithreacht dhigiteach.
Beidh an té a cheapfar in ann leas a bhaint as an saineolas forleathan ar fud rannóga Mediahuis na hÉireann, margaíocht agus fógraíocht, eagarthóireacht, dearthóirí agus lucht físeáin ina measc, chun an tionscadal a fhorbairt agus ár lucht léitheoireachta a fhás.
Ní mór don té a cheapfar a bheith féinspreagtha agus tionscnaíocht a léiriú chun ár dtairiscint dhigiteach a dhéanamh chomh mealltach agus chomh spleodrach agus is féidir. Beidh sé de chumas agat oibriú leat féin agus mar chuid d’fhoireann.
Déanfaidh curadh meán sóisialta & iriseoir digiteach Seachtain a chur chun cinn ar fud na n-ardán digiteach ar fad, ag nascadh lenár n-eagrán clóite agus podchraoltaí rathúla Seachtain.
Le go n-éireoidh leat sa ról seo, beidh breithiúnas maith nuachta ag teastáil chomh maith leis an gcumas nuacht atá díreach ag teacht isteach a scríobh, a chur in eagar agus a phostáil i dtimpeallacht luaineach.
Beidh tú in ann cur lenár n-eagrán clóite agus podchraoltaí freisin.
Taithí agus cáilíochtaí:
Eolas oibre den scoth ar na meáin shóisialta
Is buntáiste í taithí ar obair iriseoireachta agus sna meáin dhigiteacha
An cumas chun oibriú as do stuaim féin, a bheith féinspreagtha agus in ann oibriú gan mhaoirsiú
An cumas agus an mhuinín ardáin nua a úsáid agus réimsí nua ina bhféadfaí lucht léitheoireachta Seachtain a fhás a fhiosrú, ina measc TikTok, X agus Instagram
Scileanna scríbhneoireachta agus eagarthóireachta cóipe
Compordach ag obair le spriocdhátaí dochta i dtimthriall nuachta 24/7 ina bhfuil luas agus cruinneas thar a bheith tábhachtach
Breithiúnas nuachta den scoth agus eolas ar chúrsaí reatha
Gaeilge den scoth, idir labhartha agus scríofa
COMHIONANNAS, ÉAGSÚLACHT AGUS IONCHUIMSIÚ
Tá Mediahuis na hÉireann bródúil gur fostóir comhdheiseanna sinn atá tiomanta d’ionad oibre ionchuimsitheach, tacúil a chruthú ina mbíonn meas ar na buntáistí a bhaineann le lucht saothair éagsúil. Táimid tiomanta do thimpeallacht chomhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsithe a chothú agus fáiltímid roimh iarratais ó gach duine. Déanfar athruithe réasúnta d’iarrthóirí i gcaitheamh an phróisis earcaíochta agus san ionad oibre do dhuine faoi mhíchumas.
Seachtain: Social Media Champion & Digital Journalist
Reporting to: Eagarthóir Seachtain
Location: Office (Dublin or Belfast) and remote working
Seachtain, Mediahuis’s Irish language publication with the Irish Independent, is seeking a dynamic, creative Social Media Champion & Digital Journalist to lead the development of engaging digital content and drive our online presence across social platforms.
The Seachtain Social Media Champion & Digital Journalist will drive the development of the standalone digital edition, which will provide the Irish language community with news, sport and entertainment.
The aim will be to make the offering as attractive as possible and to spread the brand as widely as possible, building its digital presence.
The successful candidate will be able tap into the vast expertise across departments in Mediahuis Ireland, including marketing and promotions, editorial, designers and videographers to develop the project and grow our audience.
The successful candidate must be self-motivated and show initiative to make our digital offering as attractive and dynamic as possible. You will have the ability to work on your own and as part of a team.
The Social Media Champion & DIgital journalist will promote Seachtain across all digital platforms, linking with our print edition and successful Seachtain podcasts.
To be successful in this role, you will have good news judgement and the ability to write, edit and post breaking news in a fast-paced environment.
You will also be able to contribute to our print edition and podcasts.
Experience and qualifications:
Excellent working knowledge of social media
Experience working as a journalist and in digital media is an advantage
The ability to show initiative, self-motivated and capable of operating without supervision
The ability and confidence to use new platforms including TikTok, X and Instagram and explore new areas to grow the Seachtain audience
Writing and copy-editing skills
Be comfortable working on tight deadlines in a 24/7 news cycle where speed and accuracy are crucial
Excellent news judgement and knowledge of current affairs
Excellent written and spoken Irish
EQUALITY, DIVERSITY & INCUSION
Mediahuis Ireland is proud to be an equal opportunities employer committed to creating an inclusive, supportive workplace, we value the benefits that come from a diverse workforce. We are committed to fostering an environment of equality, diversity and inclusion and welcome applications from all individuals. Reasonable adjustments will be made for candidates throughout the recruitment process and in the workplace for a person with a disability.